21 Ach an té a dhéanann an fhírinne,tagann sé chun an tsolais,chun go dtaispeáinfí gur i nDiaa rinneadh a ghníomhartha.”
22 Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d'fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.
23 Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.
24 Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.
25 D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.
26 Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”
27 D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.