24 Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.
25 D'éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.
26 Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.”
27 D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.
28 Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’
29 An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile;ach cara an chéile,atá ina sheasamh ag éisteacht leis,tagann racht áthais air de bharr guth an chéile.An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
30 Ní foláir dósan méadú, ach domsa laghdú.