7 Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’
8 Séideann an ghaoth mar is áil léi.Is clos duit a glór,ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí.A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”
9 D'fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.
10 D'fhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!
11 Go deimhin féin a deirim leat,an ní is eol dúinn is air a labhraimid,agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise,ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
12 Má inis mé nithe talmhaí daoibh,agus nach gcreideann sibh,cén chaoi a chreidfidh sibh,má insím nithe neamhaí daoibh?
13 Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh,ach an té a tháinig anuas ó neamh,Mac an Duine [atá ar neamh].