11 “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo?
12 An amhlaidh gur mó thú ná ár n‑athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”
13 D'fhreagair Íosa:“Gach duine a ólann an t‑uisce seo,” ar sé léi,“beidh tart arís air.
14 Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,ní bheidh tart air go brách na breithe.Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,déanfaidh tobar uisce de istigh ann,ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
15 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t‑uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”
16 Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.”
17 D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;