16 Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.”
17 D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;
18 óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”
19 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.
20 Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”
21 Dúirt Íosa léi:“Creid uaimse é, a bheango bhfuil an uain ag teachtnuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéima dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
22 Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;adhraimidne an ní is eol dúinn;mar is ó na Giúdaigh an slánú.