18 óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.”
19 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.
20 Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.”
21 Dúirt Íosa léi:“Creid uaimse é, a bheango bhfuil an uain ag teachtnuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéima dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
22 Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;adhraimidne an ní is eol dúinn;mar is ó na Giúdaigh an slánú.
23 Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,ina ndéanfaidh lucht an fhíoradharthaan tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne;óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
24 Spiorad é Dia, agus lucht a adharthais i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”