2 fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail -
3 d'fhág sé Iúdáia agus d'imigh sé arís don Ghailíl.
4 Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.
5 Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef.
6 Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.
7 Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.”
8 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.