30 Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31 Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”
32 Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”
33 Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?”
34 Dúirt Íosa leo:“Is é is bia domsatoil an té a chuir uaidh mé a dhéanamhagus a obair a chur i gcrích.
35 Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eileagus beidh an fómhar ann’?Seo mise á rá libh:Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;tá siad geal chun an fhómhair.
36 Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin,agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóiragus ar an mbuanaí in éineacht.