37 Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo:‘Cuireann duine, baineann duine eile.’
38 Sheol mise sibhse uaimchun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.Shaothraigh daoine eile é,agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”
39 Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D'inis sé dom gach ní dá ndearna mé.”
40 Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d'fhan sé ansiúd dhá lá.
41 Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair
42 agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
43 Tar éis an dá lá d'fhág sé an áit sin agus d'imigh don Ghailíl.