42 agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
43 Tar éis an dá lá d'fhág sé an áit sin agus d'imigh don Ghailíl.
44 Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin.
45 Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
46 Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.
47 Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.
48 Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.”