51 Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d'inis siad dó go raibh a mhac beo.
52 D'fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné d'fhág an fiabhras é.”
53 Thuig an t‑athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.
54 Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.