6 Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.
7 Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.”
8 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.
9 Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n‑iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.
10 D'fhreagair Íosa:“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“agus cé hé a deir leat:‘Tabhair dom deoch,’is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
11 “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo?
12 An amhlaidh gur mó thú ná ár n‑athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”