3 Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne - daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce.
4 Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t‑uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).
5 Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid.
6 Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: “Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?”
7 “A dhuine uasail,” arsa an t‑easlán leis á fhreagairt, “níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham.”
8 Dúirt Íosa leis: “Éirigh, tóg do shráideog agus siúil.”
9 Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.