1 Ina dhiaidh sin d'imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias.
2 Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.
3 Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail.
4 Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.
5 Nuair a d'ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?”
6 Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh.
7 D'fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d'arán chun go mbeadh greim an duine acu.”