12 Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.”
13 Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d'fhág na daoine a fuair an béile.
14 Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”
15 Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.
16 Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige,
17 agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.
18 Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d'éirigh suaitheadh ar an bhfarraige.