16 Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige,
17 agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.
18 Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d'éirigh suaitheadh ar an bhfarraige.
19 Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d'fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu.
20 Ach dúirt sé leo: “Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.”
21 B'áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul.
22 Lá arna mhárach chonaic an slua a d'fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t‑aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin.