27 Ná saothraigí an bia a théann amú,ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí,é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh.Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”
28 Dúirt siad leis ansin: “Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?”
29 D'fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”
30 Dúirt siad leis: “Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?
31 D'ith ár n‑aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’ ”
32 Dúirt Íosa leo ansin:“Amen, Amen, a deirim libh,ní hé Maois a thug an t‑arán ó neamh daoibh,ach is é m'Athair a thugann an t‑arán ó neamh daoibh,an t‑arán fírinneach.
33 Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamhagus a thugann beatha don domhan.”