35 “Mise arán na beatha,an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche,agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.
36 Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh méagus nach gcreideann sibh.
37 Gach a dtugann an tAthair domtiocfaidh sé chugam,agus an té a thagann chugamní chaithfidh mé amach é.
38 Óir tháinig mé anuas ó neamhní chun go ndéanfainn mo thoil féinach toil an té a chuir uaidh mé.
39 Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé,nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom,ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.
40 Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé,gach duine a fheiceann an Macagus a chreideann ann,go mbeadh an bheatha shíoraí aige,agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”
41 Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.”