52 Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?”
53 Dúirt Íosa leo:“Amen, Amen, a deirim libh,mura n‑íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,agus a chuid fola a ól,ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
54 An té a itheann m'fheoilagus a olann m'fhuil,tá an bheatha shíoraí aige,agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
55 Is bia go fíor mo chuid feolaagus is deoch go fíor mo chuid fola.
56 An té a itheann m'fheoil agus a ólann m'fhuilcónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
57 Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh,agus mar is beo mise tríd an Athair,mar an gcéanna, an té a itheann mise,mairfidh sé tríom.
58 Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.Ní ionann is an manna ar ith bhur n‑aithreacha éagus go bhfuil siad marbh;an té a itheann an t‑arán seo,mairfidh sé go deo.”