64 Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.”Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath.
65 Lean sé air: “Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d'aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m'Athair.”
66 Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.
67 Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: “Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?”
68 D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,
69 agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.”
70 D'fhreagair Íosa iad: “Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.”