7 D'fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d'arán chun go mbeadh greim an duine acu.”
8 Dúirt duine dá dheisceabail leis - ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar:
9 “Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?”
10 Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” - bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine.
11 Agus thóg Íosa na builíní, d'altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b'áil leo de na héisc.
12 Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.”
13 Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d'fhág na daoine a fuair an béile.