13 Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh.
14 Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc.
15 Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”
16 D'fhreagair Íosa ansin:“An teagasc seo a thugaim,” ar sé,“ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.
17 Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh,aithneoidh sé an ó Dhia an teagascnó an uaim féin atá mé ag labhairt.
18 An té a labhraíonn uaidh féin,bíonn a ghlóir féin á lorg aige.An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é,tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.
19 Nár thug Maois an dlí daoibh?agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí.Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?”