19 Nár thug Maois an dlí daoibh?agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí.Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?”
20 D'fhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?”
21 D'fhreagair Íosa: “Aon obair amháin a rinne mé,” ar sé, “agus tá ionadh oraibh go léir.
22 Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh - ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha - agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid.
23 Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?
24 Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.”
25 Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis?