23 Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?
24 Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.”
25 Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis?
26 Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?
27 Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d'aon duine cad as dó.”
28 Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall:“Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé,“agus is eol daoibh cad as dom;agus ní uaim féin a tháinig mé;ach is fíor é an té a chuir uaidh mé,agus níl aithne agaibhse air.
29 Ach tá aithne agamsa airmar is uaidh a tháinig méagus is eisean a chuir uaidh mé.”