25 Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis?
26 Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?
27 Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d'aon duine cad as dó.”
28 Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall:“Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé,“agus is eol daoibh cad as dom;agus ní uaim féin a tháinig mé;ach is fíor é an té a chuir uaidh mé,agus níl aithne agaibhse air.
29 Ach tá aithne agamsa airmar is uaidh a tháinig méagus is eisean a chuir uaidh mé.”
30 Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
31 Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?”