3 Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh.
4 Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin tú féin don saol.”
5 Óir níor chreid fiú a bhráithre ann.
6 Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig m'uain-sé go fóill; ach tá bhur n‑uain-sé i gcónaí ullamh.
7 Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.
8 Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m'uain-sé comhlíonta go fóill.”
9 Ar rá na nithe sin leo, d'fhan sé sa Ghailíl.