34 Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé,agus an áit ina bhfuilimse ní féidir daoibhse teacht ann.”
35 Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?
36 Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilimse, ní féidir daoibhse teacht ann’?”
37 Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha:“Má tá tart ar aon duine,” ar sé,“tagadh sé chugamsa agus óladh sé!
38 An té a chreideann ionamsa,faoi mar a deir an scrioptúr,rithfidh as a chroí istigh sruthanna d'uisce beo.”
39 Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.
40 Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.”