38 An té a chreideann ionamsa,faoi mar a deir an scrioptúr,rithfidh as a chroí istigh sruthanna d'uisce beo.”
39 Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú.
40 Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.”
41 Deireadh tuilleadh acu: “Is é an Críost é seo,” ach deireadh cuid eile acu: “An as an nGailíl atá an Críost ag teacht?
42 Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
43 D'éirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua.
44 Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.