40 Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.”
41 Deireadh tuilleadh acu: “Is é an Críost é seo,” ach deireadh cuid eile acu: “An as an nGailíl atá an Críost ag teacht?
42 Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
43 D'éirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua.
44 Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.
45 Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siadsan leo: “Cad chuige nár thug sibh libh é?”
46 D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”