42 Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
43 D'éirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua.
44 Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.
45 Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siadsan leo: “Cad chuige nár thug sibh libh é?”
46 D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”
47 D'fhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibhse comh maith?
48 Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann?