7 Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.
8 Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m'uain-sé comhlíonta go fóill.”
9 Ar rá na nithe sin leo, d'fhan sé sa Ghailíl.
10 Ach nuair a bhí a bhráithreacha imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim.
11 Bhí na Giúdaigh dá réir sin á lorg lá na féile agus deiridís:
12 “Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu á rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”
13 Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh.