1 Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé.
2 De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh:“Féach, cuirim mo theachtaire romhata ullmhóidh do bhóthar.
3 Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chosáin.’ ”
4 Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh.
5 Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí.
6 Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.