1 Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis;
2 óir deiridís: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”
3 Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar, agus é ag bord, tháinig bean le próicín alabastair d'ola nard dhílis mhórluaigh; bhris sí an próicín alabastair, agus dhoirt sí an ola ar a cheann.
4 Bhí daoine ann a raibh mícheádfa acu agus dúirt siad le chéile: “Cén fáth an diomailt ola seo?
5 Ba fhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t‑airgead a thabhairt do na boicht.” Agus bhí siad ag casaoid léi.
6 Ach dúirt Íosa: “Ligigí di! Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros di?
7 Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí.
8 A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha.
9 Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”
10 Agus chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí uachtaráin na sagart chun é a thabhairt ar láimh dóibh.
11 Nuair a d'airigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh.
12 Ar an gcéad lá d'fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail leis: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?”
13 Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis.
14 Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n‑ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’
15 Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.”
16 D'imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d'ullmhaigh siad an cháisc.
17 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig sé leis an dáréag.
18 Agus nuair a bhí siad ina suí ag ithe, dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach: tá duine agaibh atá ag ithe in éineacht liom a bhraithfidh mé.”
19 Tháinig buaireamh orthu agus thosaigh siad ar a fhiafraí de, ina nduine is ina nduine: “An mise é?”
20 Dúirt sé leo: “Duine den dáréag é, duine a thumann a lámh sa mhias i mo theannta.
21 Sea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
22 Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.”
23 Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d'ól siad go léir as.
24 Agus dúirt sé leo: “Is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán.
25 Deirim libh go fírinneach, nach n‑ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”
26 Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go Cnoc na nOlóg.
27 Agus dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus scaipfear na caoirigh.’
28 Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.”
29 Ach dúirt Peadar leis: “Siúd is go nglacfaidh cách scannal, ní ghlacfaidh mise.”
30 Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
31 Ach is mar sin is déine a labhair sé: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt siad uile an rud céanna.
32 Tháinig siad go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt sé lena dheisceabail: “Fuirígí anseo fad a bheidh mé ag guí.”
33 Rug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin agus thosaigh sé ar bheith go critheaglach agus in anbhuain.
34 Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.”
35 Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar an talamh, agus ghuigh go ngabhfadh an uair thairis, dá mb'fhéidir é, agus dúirt sé:
36 “Abba, a Athair, tá gach ní ar do chumas. Tóg an cupa seo uaim. Ach ná bíodh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”
37 Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh?
38 Bígí ag faire agus ag guí ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”
39 Agus d'imigh sé arís agus ghuigh sé ag rá na bhfocal céanna.
40 Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad mar bhí a súile trom; agus ní raibh a fhios acu cén freagra a thabharfaidís air.
41 Tháinig sé den tríú huair agus dúirt leo: “Codlaígí libh feasta, agus glacaigí bhur suaimhneas. Ní beag sin! Tá an t‑am tagtha. Féach, tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.
42 Éirígí! Bímis ag gluaiseacht. Seo chugainn fear mo bhraite.”
43 Sula raibh an focal as a bhéal, tháinig Iúdás, duine den dáréag agus slua lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart, agus ó na scríobhaithe, agus ó na seanóirí.
44 Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.”
45 Tháinig sé agus rinne anonn ar Íosa gan stad; “A Raibí,” ar seisean leis, agus phóg sé é.
46 Leag siad siúd a lámha air agus ghabh siad é.
47 Ach duine dá raibh ina sheasamh ansiúd, tharraing sé a chlaíomh, agus bhuail seirbhíseach an ardsagairt agus bhain an chluas de.
48 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm?
49 Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.
50 Ach is chun go gcomhlíonfaí na scrioptúir é.” Agus thug siad uile a gcúl leis agus theith.
51 Fear óg a bhí á leanúint, ní raibh air ach brat línéadaigh.
52 Rug siad air, ach lig sé an brat leo agus rith uathu agus é nocht.
53 Sheol siad Íosa leo go dtí an t‑ardsagart, agus chruinnigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile ansiúd.
54 Lean Peadar é, i bhfad uaidh, isteach i gcúirt an ardsagairt, agus bhí sé ina shuí i measc na seirbhíseach, agus é á théamh féin leis an tine.
55 Agus bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín uile ag lorg fianaise in aghaidh Íosa d'fhonn é chur chun báis, ach ní fhuair siad.
56 Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach.
57 Agus d'éirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh á rá:
58 “Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’ ”
59 Ach níor réitigh a bhfianáise fiú sa mhéid sin.
60 Agus d'éirigh an t‑ardsagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, á rá: “Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo á dhearbhú ort?”
61 Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”
62 Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.”
63 Stróic an t‑ardsagart a róbaí: “Cad is gá dúinn a thuilleadh d'fhinnéithe?” ar sé, “chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?”
64 Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige.
65 Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.
66 Nuair a bhí Peadar laistíos sa chúirt, tháinig duine de chailíní aimsire an ardsagairt,
67 agus nuair a chonaic sí Peadar á théamh féin, d'fhéach sí go géar air agus dúirt leis: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Nazairéanach.”
68 Ach shéan sé é, á rá: “Ní eol dom, ní thuigim cad a deir tú.” Agus d'imigh sé amach sa réamhchúirt agus ghlaoigh an coileach.
69 Chonaic an cailín aimsire é agus thosaigh ar a rá arís leis na daoine a bhí ina seasamh timpeall: “Is duine díobh é seo.”
70 Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: “Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach tú ar ndóigh.”
71 Ach thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine seo a deir sibh.”
72 Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: “Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus bhris an gol air.