Marcas 11 ABN

An Imrím Chaithréimeach

1 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh,

2 agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair agus láithreach ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin. Scaoiligí é agus tugaigí libh é.

3 Agus má deir aon duine libh: ‘Cad atá sibh a dhéanamh?’ abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leis. Ach cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.’ ”

4 D'imigh siad leo agus fuair an searrach ceangailte ag doras, lasmuigh ar an tsráid agus scaoil siad é.

5 Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh ansiúd leo: “Cad ab áil libh ag scaoileadh an tsearraigh?”

6 D'fhreagair siad faoi mar a dúirt Íosa leo, agus scaoil siad leo.

7 Agus thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air.

8 Leath a lán daoine a mbrait ar an mbóthar, a thuilleadh craobhacha a bhain siad sna goirt;

9 agus na daoine a bhí roimhe amach, agus iad siúd a bhí á leanuint, bhí na gártha acu á gcur suas:“Hósana!Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!

10 Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Dáiví!Hósana sna harda!”

11 Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag.

An Crann Fígí gan Toradh

12 Agus iad ag fágáil Béatáine lá arna mhárach, bhí ocras air.

13 Nuair a chonaic sé i bhfad uaidh crann fígí agus duilliúr air, chuaigh sé féachaint an bhfaigheadh sé aon toradh air. Agus nuair a tháinig sé chuige ní bhfuair sé aon ní ach duilliúr mar níorbh é aimsir na bhfígí é.

14 Labhair sé leis an gcrann fígí: “As seo amach go brách nár ithe aon duine toradh uaitse,” ar sé. Agus chuala a dheisceabail é.

An Teampall á Ghlanadh

15 Tháinig siad ansin go Iarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol;

16 ná ní cheadódh sé d'aon duine árthach a bhreith leis tríd an Teampall.

17 Agus bhí sé á dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.”

18 Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.

19 Agus nuair a tháinig an tráthnóna d'imigh siad amach as an gcathair.

20 Ag gabháil thar bráid dóibh lá arna mhárach, chonaic siad an crann fígí seargtha óna fhréamhacha.

21 Chuimhnigh Peadar agus dúirt leis: “A Mháistir, an crann fígí ar ar chuir tú do mhallacht, féach! tá sé seargtha.”

22 Dúirt Íosa leo ag freagairt: “Bíodh creideamh agaibh i nDia.

23 Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’ agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó.

24 Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh á impí agus á iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é.

25 Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith.

26 (Ach mura maitheann sibhse ní mó a mhaithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse.)”

Ceist faoi Údarás Chríost

27 Tháinig siad go Iarúsailéim arís, agus ag siúl sa Teampall d'Íosa, tháinig uachtaráin na sagart, agus na scríobhaithe, agus na seanóirí agus dúirt siad leis:

28 “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug an t‑údarás sin duit chun na nithe seo a dhéanamh?”

29 Dúirt Íosa leo: “Tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibh; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh:

30 baisteadh Eoin, arbh ó neamh nó ó dhaoine é? Tugaigí freagra orm.”

31 Ach rinne siad machnamh ar an scéal mar seo ina gcroí: “Má deirimid ‘ó neamh’,

32 déarfaidh sé: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann?’ Ach dá ndéarfaimis ‘ó dhaoine’ ” - bhí eagla orthu roimh an bpobal mar bhí meas fáidh dáiríre acu ar Eoin -

33 agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Agus dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread, cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16