10 Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air.
11 Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
12 Go luath ina dhiaidh sin, chuir an Spiorad amach faoin bhfásach é
13 agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.
14 Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé
15 agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”
16 Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.