20 D'fhág siad a n‑athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis.
21 Chuaigh siad isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc.
22 Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
23 Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach:
24 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”
25 Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.”
26 Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d'imigh as.