23 Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach:
24 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”
25 Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.”
26 Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d'imigh as.
27 Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”
28 Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.
29 Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.