28 Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.
29 Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.
30 Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi.
31 Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
32 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.
33 Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais,
34 agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.