32 Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.
33 Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais,
34 agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.
35 D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.
36 Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg,
37 agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.”
38 Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.”