35 D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.
36 Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg,
37 agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.”
38 Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.”
39 Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.
40 Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.”
41 Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!”