39 Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.
40 Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.”
41 Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!”
42 D'fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é.
43 Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill
44 ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d'ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.”
45 Ní túisce a d'fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.