4 Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh.
5 Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí.
6 Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.
7 Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh.
8 Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”
9 Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.
10 Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air.