7 Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh.
8 Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”
9 Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.
10 Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air.
11 Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
12 Go luath ina dhiaidh sin, chuir an Spiorad amach faoin bhfásach é
13 agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.