34 Nuair a chonaic Íosa gur labhair sé go ciallmhar, dúirt sé leis: “Ní fada thú ó ríocht Dé.” Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air as sin amach.
35 Fad is a bhí Íosa ag teagasc sa Teampall d'fhreagair sé agus dúirt: “Conas is féidir leis na scríobhaithe a rá gur Mac do Dháiví an Críost?
36 Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
37 “Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” D'éist an slua mór leis le háthas.
38 Dúirt sé ina theagasc: “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí,
39 agus na príomhshuíocháin acu sna sionagóga, agus na príomhthoilg ag na fleánna;
40 iadsan na daoine a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth a bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad.”