7 Ach dúirt na curadóirí úd le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus beidh an oidhreacht againn.’
8 Agus rug siad air, mharaigh é, agus chaith amach as an bhfíonghort é.
9 Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.
10 Nár léigh sibh an scrioptúr seo:‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinneadh di ceann an chúinne;
11 obair an Tiarna é seoagus is iontach inár súile é.’ ”
12 Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.
13 Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.