12 Agus dúirt Pioláit leo arís á bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?”
13 Scread siad arís: “Céas é!”
14 Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”
15 Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
16 Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.
17 Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.
18 Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”