2 D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Tá sé ráite agat.”
3 Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith.
4 D'fhiafraigh Pioláit de arís: “Nach bhfuil aon fhreagra agat á thabhairt? Féach a bhfuil acu á gcur i do leith!”
5 Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phioláit.
6 Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor.
7 Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dúnmharú déanta acu sa cheannairc.
8 Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách.