24 Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine.
25 Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é.
26 Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.”
27 Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé.
28 Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.”
29 Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ahá! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá!
30 Saor thú féin! tar anuas ón gcros!”