44 Bhí ionadh ar Phioláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céad agus d'fhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin.
45 Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céad, cheadaigh sé an corp a thabhairt do Iósaef.
46 Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chrois é agus d'fhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus d'iompaigh cloch mhór le béal an tuama.
47 Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaef ag breathnú ar cár cuireadh é.