3 Agus bhí siad á rá le chéile: “Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?”
4 Ach nuair a d'fhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór.
5 Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu.
6 Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D'éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é.
7 Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’ ”
8 Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu.
9 Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.